Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.
Bhuaigh beirt déagóirí as Corcaigh, Cormac Harris agus Alan O’Sullivan, an chéad duais ag comórtas eolaithe óga na hEorpa. Rinne an péire imscrúdú staitisticiúil ar mhinicíocht steiréitíopaí inscne i measc leanaí idir cúig agus seacht mbliana d’aois. Chomh maith leis sin, chuimhnigh said ar smaoineamh nua chun dul i gcoinne claonadh inscne. Bhí bua eile don tír ag Gregory Tarr, a tháinig sa tríú háit lena thionscadal teicneolaíochta a d’úsáid teicnící intleachta saorga chun físeáin “deepfake” a fheiceáil ar líne. Úsáideann na físeáin “deepfake” seo íomhánna d’imeachtaí bréige chun bréagaisnéis a scaipeadh ar líne. Ó shin i leith, bhunaigh Gregory tionscnamh darbh ainm Inferex, a bhainfidh úsáid as a shamhail.
Bhuail ceannairí domhanda le chéile Dé Luain, ag an séú tionól ginearálta is seachtó de chuid na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac. Ina óráid, d’fhógair Joe Biden go mbeadh na Stáit Aointaithe ag dúbailt a gcuid maoinithe airgeadais aeráide go haon billiún dollar in aghaidh na bliana. Thug Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, foláireamh nach raibh an domhan faoi bhagairt níos mó riamh agus dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, gurb é an téama láidir a bhí ag teacht chun cinn ná go bhfuilimid ag díriú isteach sa duibheagán ar athrú aeráide. D’iarr an Talaban labhairt leis na ceannairí domhanda freisin. Ach ní dócha go dtiocfaidh an coiste a dhéanann measúnú ar dhintiúir na rannpháirtithe le chéile sula mbeidh an tionól críochnaithe an tseachtain seo chugainn.
Bhuaigh príomh-aire Cheanada, Justin Trudeau, an toghchán náisiúnta an tseachtain seo den tríú huair. Cé gur bhuaigh a pháirtí, na Liobrálaigh, an líon is mó suíochán, níor éirigh leo tromlach parlaiminte a bhuachan. Níor éirigh leis an toghchán cumhacht na gCoimeádaithe, an páirtí freasúra is mó, a laghdú. Bhuaigh na Coimeádaithe an vóta coitianta, agus bhuaigh na páirtithe freasúra níos lú eile, an Páirtí Daonlathach Nua agus agus na Glasaigh san áireamh, níos lú vótaí ná mar a bhíothas ag súil leis. Dhírigh óráid bua Trudeau ar an bpaindéim. Luaigh sé go bhfuair sé “mandáid shoiléir” chun an tír a stiúradh tríthi.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
eolaithe óga - young scientists
minicíocht - frequency
claonadh inscne - gender bias
bréagaisnéis - disinformation
tionól ginearálta - general assembly
toghchán náisiúnta - national election
freasúra - opposition
mandáid shoiléir - a clear mandate
Create your
podcast in
minutes
It is Free