Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Tá an tAontas Eorpach tar éis moltaí nua a fhógairt chun Prótacal Thuaisceart Éireann a chur i bhfeidhm as seo amach. Faoi na moltaí, beidh sé i bhfad níos éascaí chun leigheasanna a iompórtáil sa Tuaisceart ón mBreatain; agus tá an tAontas Eorpach sásta ochtó faoin gcéad de sheiceanna ar earraí ag teacht i dtír ann ón mBreatain a sheachaint. Acht tá siad ag seasamh ar an ról eadránaithe atá ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an bPrótacal, rud a bhfuil rialtas na Ríochta Aontaithe go tréan ina choinne.
Dár le páipéar a foilsíodh Dé Luain san iris Nature Sustainability, tá baol mór ag fás de thubaiste uafásach timpeallachta sa Mhuir Rua. Tá tancaer ola ann, an FSO Safer, atá faoi smacht na réabhlóidí Houthi in Éimín, le breis agus milliún bairille d’ola ar bord, agus atá ag titeamh as a chéile. Má dhoirtear an ola, scriosfar beatha muirí sa cheantar go hiomlán, agus cuirfear gorta agus ganntanas uisce ar na milliúin duine. Tá na Náisiúin Aontaithe i mbun idirbheartaíochta leis an ngluaiseacht Houthi agus rialtas Éimín faoin tancaer, acht níl aon réiteach bainte amach acu go fóill.
Tá Paddy Moloney, an ceoltóir mór le rá, píobaire den scoth agus ceannaire ar an ngrúpa ceoil na Chieftains, tar éis bháis. Bhí sé ceithre scór is trí bliana d’aois. Bhí sé ag taisteal agus ag ceol ar fud an domhain leis na Chieftains ar feadh beagnach seasca bliain. Is iomaí gradam, Grammys san áireamh, a bhain siad amach, agus is mór an tionchar a bhí acu ar cheoltóirí traidisiúnta ar fud an domhain. Ar dheis Dé go raibh a anam.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
a chur i bhfeidhm - to implement
ról eadránaithe - arbitration role
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh - European Court of Justice
beatha muirí - sea life
ganntanas uisce - water scarcity
san áireamh - included
Create your
podcast in
minutes
It is Free