Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríochadú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Tháinig scaifte eagsúil de roinnt páirtithe polaitíochta le chéile Dé Máirt ar son cearta teanga i dTuaisceart Éireann. Gealladh Acht Teanga sa Tuaisceart i mí an Mheithimh, i ndiaidh ceithre bliana déag de mhoilleadóireacht. Duirt Brandon Lewis (státrúnaí an Tuaiscirt) go gcomhlíonfadh siad an reachtaíocht Ghaeilge a bhí geallta i gclár Stormont "New Decade New Approach" roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair muna raibh sé déanta ag an fheidhmeannas roimhe sin. Cuirtear brú ar Rialtas na Breataine cloí lena ngealltanas agus an tAcht Gaeilge seo a thabhairt isteach gan a thuilleadh moille.
Tiocfaidh na Naisiúin Aontaithe le chéile ag deireadh na seachtaine don seú tionól is fiche fán athrú aeráide. Beidh an tionól ar súil i nGlaschú, áit ina bhfuil oibrithe iarnróid ag pleanáil le dul ar stailc ag agóid in aghaidh pá íseal agus droch-choinníollacha oibre. Tiocfaidh Greta Thunberg, gníomhaí i gcoinne athrú aeráide, chuig Glaschú i rith am an tionóil fosta, ach ní fhreastalóidh sí air. Beidh sí ag glacadh páirt i stailc eile atá eagraithe ag an eagraíocht "Fridays for Future" in aghaidh athrú aeraide, agus dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn an pobal páirteach sa chomhrá fosta. Chuir sí cuireadh chuig oibrithe iarnróid a bheidh ar stailc, ag rá gurb ionann iad ceartas sóisialta agus ceartas aeráide.
Thángthas ar theachtaireacht i mbuidéal i gcalafort Rúiseach, a chuir eolaithe Éireannacha san Aigéan Atlantach blianta ó shin. Síltear gur scaoileadh an buideál sna 70idí nó sna h80idí, mar chuid de stáidear ar shruthanna aigéin. Bhí cárta poist istigh ann, ag iarraidh ar an aimsitheoir teagmháil a dhéanamh leo le rá cá háit ar shroich sé. Mar sin, chuaigh tumadóir Rúiseach i dteaghmail le rá go bhfuarthas é ag bun an bhá. Duirt an t-aigéaneolaí Dr White go raibh suim acu níos mó eolais a fháil amach fán bhuidéal.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
moilleadóireacht - delay, procrastination
feidhmeannas - executive
tionól - assembly, summit
oibrithe iarnróid - railway workers
aigéaneolaí - oceanographer
tumadóir - diver
Create your
podcast in
minutes
It is Free