Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá de mhí na Samhna. Is mise Ella Hassett.
Thosaigh an Chomhdháil um Athrú Aeráide nó COP26, atá ar siúl i nGlaschú in Albain, an tseachtain seo. Is tionól é COP26 ina dtagann tíortha, ceannairí cultúrtha, gníomhaithe agus grúpaí eile le chéile chun na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach agus beart a dhéanamh chun athrú aeráide a stopadh. Thug an Taoiseach Micheál Martin a aitheasc i nGlaschú tráthnóna Dé Máirt agus bhí dearcadh dearfach aige maidir leis an todhchaí. Dúirt sé nach raibh sé ródhéanach le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus go ndéanfadh Éire a cuid chun an domhan a thabhairt slán. Dúirt sé go raibh dualgas ar Éirinn agus ar thíortha eile níos mó a dhéanamh chun na fadhbanna a bhaineann leis an athrú aeráide a réiteach. Tá sé i gceist ag an Rialtas Éireannach anois a phlean aeráide a fhoilsiú roimh dheireadh na seachtaine.
Cheiliúir an stáisiún teilifíse Gaeilge TG4 a bhreithlá Oíche Shamhna. Seoladh Teilifís na Gaeilge, an tríú stáisiún teilifíse sa stát, i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara i 1996. Bhunaigh Míchéal D. Ó hUigín an stáisiún agus é ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus thug sé cuairt ar Ros na Rún ar an deireadh seachtaine seo caite le haitheantas a thabhairt don cheiliúradh cúig bliana is fiche ar aer. Chomh maith leis sin sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin leabhar nua TG4@25 ag ócáid i mBaile Átha Cliath Déardaoin. Sa cheathrú céid ó bunaíodh TG4, is é sprioc an stáisiúin an Ghaeilge agus an cultúr a chur chun cinn i bpobal na hÉireann agus ar fud an domhain. I mí Dheireadh Fómhair, chuir TG4 fáilte roimh fhógra an rialtais sa Cháinaisnéis go mbeidh ceithre ponc dhá mhiliún euro de mhaoiniú breise don stáisiún i fiche fiche is a dó.
Tá sé ráite ag Childline gur i mBéarla amháin a chuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil. Is líne chabhrach é Childline, a bhunaigh Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí i 1989 chun tacaíocht a thabhairt do pháistí suas le hocht mbliana déag d'aois. Dúirt Childline nach bhfuil polasaí acu faoi labhairt na Gaeilge nó aon teanga eile ach gurb é an Béarla an teanga a úsáidtear chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil do pháistí. Tháinig an scéal seo chun cinn nuair a dúradh le hoibrí Childline gan Gaeilge a labhairt le páistí a úsáideann an tseirbhís tacaíochta, cé gur éirigh leis an oibrí céanna comhrá a dhéanamh as Gaeilge. Faigheann Childline thart ar ceithre chéad míle glaoch gach bliain ó pháistí ar fud na tíre. Tá thart ar fiche cúig míle páistí ina gcónaí sa Ghaeltacht faoi láthair.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe - Global Goals for Sustainable Development
aitheasc - address
aitheantas - recognition
an Cháinaisnéis - the Budget
líne chabhrach - helpline
Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí - Irish Society for the Prevention of Cruelty to Children
Create your
podcast in
minutes
It is Free