Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Tá an t-iarpholaiteoir agus iarghníomhaí cearta sibhialta sa Tuaisceart Austin Currie ar shlí na fírinne agus é ochtó a dó bliain d'aois. Rugadh Currie i dTír Eoghain agus chuir sé tús lena shaol gníomhaíoch i 1968 nuair a throid sé in aghaidh an tseicteachais sa mhargadh tithíochta. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhunaigh sé an SDLP in éindí le cúpla polaiteoir eile, John Hume ina measc. Bhí sé ina chónaí i gCill Dara sna hochtóidí agus bhí sé ina bhall d'Fhine Gael. Toghadh é ina Theachta Dála sna nóchaidí ach chaill sé a shuíochán in 2002 agus chuir sé deireadh leis a ghairm pholaitiúil. Dúirt Uachtarán na hÉireann Mícheál Ó hUigínn gur polaiteoir macánta agus díograiseach ab ea é agus go ndearna sé a lán oibre ar son mhuintir na hÉireann.
Tá dóchas ag Rialtas na hÉireann go mbeidh Bille leasaithe na dTeangacha Oifigiúla réidh le síniú ag an Uachtarán roimh dheireadh na bliana. Is é príomhsprioc an Bhille ná go mbeidh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina chainteoirí Gaeilge faoin mbliain 2030. Chomh maith leis sin, bheadh ar gach oifig agus seirbhís stáit sa Ghaeltacht a bheith ábalta feidhmiú trí Ghaeilge. Bheadh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus bheadh orthu a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine. B’éigean 17,000 Teastas Digiteach Covid 19 a eisiúint an athuair i mbliana mar bhí an síneadh fada in easnamh in ainmneacha daoine.
Tá na hidirbheartaithe fós ag margáil mar gheall ar an dréacht deireanach sa chruinniú mullaigh COP26 i nGlaschú. Bhí tráthnóna Dé hAoine mar spriocdháta chun margadh a dhéanamh idir na tíortha atá páirteach ach is cósúil go leanfaidh na cainteanna ar aghaidh go dtí an deireadh seachtaine. Foilsíodh dréacht-mholadh maidin Dé hAoine a d’iarr ar na tíortha éagsúla deireadh a chur le breoslaí iontaise, go háirithe le gual. Tá an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag cur brú ar thíortha eile teocht na cruinne a choimeád ag 1.5 céim os cionn an leibhéil réamhthionsclaíoch, ach is léir go bhfuil drogall ar thíortha áirithe é sin a shíniú. Bhí iontas ann Dé Céadaoin nuair a rinne na Stáit Aontaithe agus an tSín dearbhú inar aontaigh siad go n-oibreoidís le chéile chun astaíochtaí carbóin a laghdú.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ar shlí na fírinne - dead
seicteachas - sectarianism
leasaithe - amended
earcaigh nua - new recruits
breoslaí iontaise - fossil fuels
réamhthionsclaíoch - preindustrial
Create your
podcast in
minutes
It is Free