Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu Lá Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail.
Cuireadh ceal ar níos mó ná dhá mhíle eitilt ar fud an domhain Oíche Nollag mar gheall ar ghanntanas foirne i ndiaidh ardú tobann i líon casanna Omicron. D'éirigh leis na mílte Éireannach dul abhaile ón Bhreatain agus ón Mhór-roinn ach tá an-chuid eile sáinnithe ar leithlis i ndiaidh dóibh toradh dearfach a fháil i dtástáil Covid-19. Tá eolaithe dóchasach go bhfuil an t-athraitheach seo den víreas níos éadroime ná na cinn roimhe seo ach moltar fós vacsaín a fháil chun sábháilteacht an phobail a chosaint.
Tá an file iomráiteach Thomas Kinsella tar éis bás a fháil ag 93 bliain d'aois. Rugadh Kinsella in Inse Chór i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 agus foilsíodh a chéad dánta in iris de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sna caogaidí. Rinne sé aistriúchán nua ar an eipic ársa Táin Bó Cúailgne, in éineacht leis an ealaíontóir Louis Le Broquy, agus scríobh sé Butcher's Dozen i ndiaidh Dhomhnach na Fola in 1972. Bhí Kinsella ar dhuine de na heagarthóirí ar mhórchnuasach filíochta na hÉireann, Duanaire: Poems of the Dispossessed, agus bhí clú ar a dhán Mirror in February i measc dhaltaí na hArdteistiméireachta. Fuair sé Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath in 2007.
Tá Gabriel Boric, polaiteoir óg de chuid na heite clé, tar éis an bua a fháil i dtoghchán uachtaránachta na Sile. Sa toghchán réitigh, fuair sé an ceann is fearr ar José Antonio Kast, fear a raibh a athair ina Naitsí sa Ghearmáin sna daichidí agus a bhfuil naisc láidre aige le daoine atá i bhfad amach ar an eite dheis sa tSile sa lá atá inniu ann. Gheall Boric go n-aontódh sé an tSile, go rachadh sé i ngleic le bochtanas agus go gcuirfeadh sé deireadh leis an nualiobrálachas sa tír.
*
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil lenár n-éisteoirí uilig i mbliana. Go raibh maith agaibh as na teachtaireachtaí áille i rith na bliana agus tá súil againn go mbeidh Nollaig shona agus Athbhliain faoi mhaise agaibh go léir.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ganntanas foirne - staff shortage
sáinnithe ar leithlis - stuck in isolation
eipic ársa - ancient epic
cnuasach - collection
toghchán réitigh - run-off election
Naitsí - Nazi
Create your
podcast in
minutes
It is Free