Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Shroich an líon dídeanaithe atá ag teitheadh as an Úcráin ó thús an chogaidh leis an Rúis 3 mhilliún an tseachtain seo, de réir fícirí ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce. Dúirt UNICEF gur páistí iad leath acu. Ghlac Rialtas na hÉireann 6,600 isteach sa tír, agus chuir 20,000 daoine Éireannacha fáilte roimh dhaoine atá ag teitheadh ón chogadh isteach ina dtithe. I measc daoine eile atá ag teacht isteach sa tír tá daoine atá ag teitheadh as tíortha eile atá i mbun cogaidh, amhail An tSiria, An Nigéir, An tSomáil, agus An Phacastáin.
Bronnadh seacht ngradam IFTA ar an fhadscannán Gaeilge "An Cailín Ciúin" i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tá gradam IFTA, nó "Gradam Scannáin agus Teilifíse na hÉireann", ar cheann de na duaiseanna is tabhachtaí ó thaobh scannáin Éireannacha de. I measc na ngradam a bhuaigh "An Cailín Ciúin" bhí gradam don scannán is fearr, bua a raibh an scannán "Belfast" ar an ghearrliosta dó fosta. Dúirt Cleona Ní Chrualaoí, láithreoir An Cailín Ciúin, go raibh sí iontach brodúil as an fhoireann a d'oibrigh ar an scannán léi, agus go léiríonn sé nuair a dhéantear infheistíocht i scannán gur féidir leis a bheith rathúil.
I ndiaidh beagnach dhá bhliain de shrianta Covid, éireoidh an Ríocht Aontaithe ar fad as na srianta dlí deireaneacha atá fágtha roimh dheireadh na míosa. In Albain, cuirfeadh deireadh leis na srianta ar chomhlachtaí ar an 21 Márta, agus druidfear suíomhanna tástálacha, agus sa Bhreatain Beag, déanfar an rud céanna seachtain ina dhiaidh. Ní bheidh ar dhaoine fanacht abhaile go dleathach agus an víreas acu, ach moltar do dhaoine fanacht sa bhaile go dtí go bhfuil siad ag mothú níos fearr.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ag teitheadh - fleeing
i mbun cogaidh - at war
infheistíocht - investment
rathúil - successful
srianta dlí - legal restrictions
suíomhanna tástálacha - testing centres
Create your
podcast in
minutes
It is Free