Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniú an 16ú de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Tá tairisicint déanta ag an bhfiontraí agus billiúnaí, Elon Musk, an suíomh meáin shóisialta Twitter a cheannach ar shuim os cionn daichead a trí billiún dollar. Is é Musk an scairshealbhóir is mó ar Twitter cheana féin tar éis dó sciar naoi faoin gcéad a cheannach sa chuideachta níos luaithe an tseachtain seo. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin conspóideach ar Tesla agus Spacex go ndíghlasfadh sé acmhainneacht na cuideachta dá mbeadh sé ina úinéir agus go gcuirfeadh sé béim ar shaoirse cainte a chur chun cinn ar an suíomh.
Beidh bigilí cuimhneacháin ar siúl ar fud na hÉireann an deireadh seachtaine seo tar éis dúnmharú foréigneach beirt fhear, Aidan Moffitt (42) agus Michael Snee (59), i gContae Shligigh. Deirtear go raibh cúis homafóbach leis na maruithe agus gur bhuail an bheirt íospartach lena ndúnmharfóir ar líne. Tá eagraíochtaí Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach ag iarraidh dlúthpháirtíochta ón bpobal agus go gcuirtear reachtaíocht i bhfeidhm chun déileáil le fuathchoireacht. Cúisíodh fear tráthnóna Déardaoin i ndúnmharú an bheirt fhear.
Tá feighlithe don Bhlascaod Mór don bhliain 2022 roghnaithe anois tar éis próiseas fada iomaíoch. Fuarthas breis agus céad míle iarratas don phost, a bhaineann le haire a thabhairt don oileán, do na tithe cónaithe atá suite ann, agus do chuairteoirí an tsamhraidh. I ndeireadh na dála, roghnaíodh Brock Montgomery (iar-imreoir haca oighir) agus a pháirtí, Claire de Haas, lanúin Cheanadach-Ollannach, don ról. Dúirt de Haas gur deis ar leith atá sa phost le foghlaim faoi chultúr agus timpeallacht nua. Tá an Blascaod Mór suite amach ó chósta Chorca Dhuibhne. Is suíomh suntasach cultúrtha, stairiúil agus liteartha é. Scríobh leithéidí Thomáis Uí Chriomhthain agus Peig Sayers faoi ghnáthshaol an oileáin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
scairshealbhóir - shareholder
acmhainneacht na cuideachta - the potential of the company
bigilí cuimhneacháin - memorial vigils
fuathchoireacht - hate crime
feighlithe - caretakers
haca oighir - ice hockey
Create your
podcast in
minutes
It is Free