Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.
Dúirt Uachtarán na hUcráine Volodymr Zelensky go bhfuil tús curtha ag Arm na Rúise le feachtas fornirt in oirthear na hÚcráine. Sheasfadh muintir na hÚcráine an fód ba chuma cé mhéad saighdiúir a sheolfadh an Rúis chuig an tír, arsa Zelensky. Beidh an troid is troime ag tarlú i gceantair an Donbass, ait atá buailte ar an Chrimé atá faoi smacht na Rúiseach ó 2014. B’fhéidir go mbeidh an lámh in uachtar ag Arm na Rúise sa cheantar mór seo agus iad ag ionsaí ar fhronta 300 míle.
Tá fear 22 bliain d'aois cúisithe i Sligeach maidir leis na dúnmharuithe a tharla an tseachtain seo caite. Cúisíodh Yousef Palani i ndúnmharú Aidan Moffitt, 41 bliain d'aois agus Michael Snee, 58 bliain d'aois. Tá cúis eile curtha i leith Yousef Palani maidir le hionsaí tromchúiseach a rinneadh ar Anthony Burke i Sligeach chomh maith. Tá ráiteas eisithe ag Comhairle Síochána agus Imeasctha Mhoslamaigh na hÉireann ag ofráil dlúthpháirtíochta agus ag cáineadh homafóibe go géar.
Deir an tOllamh Luke O'Neill, imdhíoneolaí i gColáiste na Tríonóide, go bhfuil na vacsaíní Covid-19 éifeachtach i gcoinne na n-athraitheach nua ar an choróinvíreas. Is é an Oimiocrón XE an t-ainm atá ar na hathraithigh nua. Dar leis an Ollamh O'Neill ní raibh ach cás amháin taifeadta sa Stát ach roinnt cásanna sa Tuaisceart. Dar le torthaí suirbhé a foilsíodh san Irish Times le déanaí, tá nócha a cúig faoin chéad de dhaoine den tuairim go "gcaithfidh muid maireachtáil leis an víreas", ach tá deighilt sa phobal maidir le srianta nua i gcoinne Covid amach anseo.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
feachtas fornirt - campaign of violence
fronta - front (in war)
ionsaí tromchúiseach - serious assault
Comhairle Síochána agus Imeasctha Mhoslamaigh na hÉireann - Irish Muslim Peace and Integration Council
imdhíoneolaí - immunologist
athraitheach - variant
Create your
podcast in
minutes
It is Free