Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine léite go mall.
*
Inniu an t-ochtó lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Tháinig na mílte daoine amach ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathrain seo cáite in agóid ar son cearta teanga ó thuaidh. Tugadh an t-ainm "An Lá Dearg" ar an lá stairiúil seo, nuair a shiúil 17,000 duine ó Chultúrlann McAdam ó Fiaich go dtí Halla na Cathrach i mBéal Feirste, gléasta in éadaí dearga chun reachtaíocht Ghaeilge a éileamh. Tá fearg ar na daoine seo nach bhfuil Gaeilgeoirí abálta an Ghaeilge a úsáid go cothrom i dTuaisceart Éireann. Tháinig daoine ó achan coirneál den tír, le cur in iúl do pholaiteoirí go bhfuil siad ag fanacht go fóill. Gheall Comhthionól Chnoc an Anfa agus Rialtas na Breataine Acht Gaeilge mar chuid den phacáiste cúlturtha sa chomhaontú "New Decade, New Approach" in 2020, agus Dé Céadaoin, faoi dheireadh thar thall, tógadh reachtaíocht maidir le Gaeilge agus Ultais araon isteach in Westminster.
Tháinig ardú €15.55 billiún ar shaibhreas na mbilliúnaithe in Éirinn i rith Covid, dé réir tuairisc úr a rinne an carthanas Oxfam. Is é sin ardú 55% ar shaibhreas na ndaoine seo, 15 billiúnaí san iomlán, a thógann méid airgid eatarthu go €55 billiún. Dúirt Jim Clarken, stiúrthóir Oxfam in Éirinn gur brabúsach an rud é an phaindéim do na daoine seo, agus gurb é an t-ardú costas maireachtála a lean an phaindéim a thug seans do bhilliúnaithe níos mó airgid a thuilleadh. Idir an dá linn, a deirtear sa tuairisc "Profitting from Pain", tá dúshlán mór roimh na milliúin daoine faoi latháir agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an ardú atá tágtha ar an chostas maireachtála.
Tá grúpa mac léinn ó Ollscoil Rutgers in New Jersey Mheiriceá tagtha go hÉirinn an tseachtain seo le staidéar a dhéanamh ar na seirbhísí meáin chumarsáide atá ar fáil trí mheán na Gaeilge agus an tacaíocht atá ar fáil don teanga agus don chultúr Gaelach. Tháinig dhá dhuine dhéag, atá ina mic léinn cumarsáide, go hÉirinn ag tús na seachtaine. Caithfidh siad am sa Cheathrú Rua, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Déanfaidh na mic léinn staidéar ar obair Raidió na Gaeltachta, a cheiliúir 50 bliain ar an fhód le déanaí, agus TG4, agus casfaidh siad le hionadaithe ón dá sheirbhís. I mBaile Átha Cliath tabharfaidh siad cuairt ar Chonradh na Gaeilge agus ar cheanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh. D’eascair an cúrsa as cuairt a thug Ollamh an chúrsa ar an Cheathrú Rua cúpla bliain ó shin. Chonaic sí an borradh atá faoi thionscal na meán cumarsáide i gConamara agus mheas sí go raibh ábhar ann le gearrchúrsa a fhorbairt sa réimse staidéir a bhfuil plé aici leis in Ollscoil Rutgers.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
gléasta - dressed
Ultais - Ulster-Scots
saibhreas na mbilliúnaithe - the wealth of billionaires
brabúsach - profitable
borradh - growth, boom
réimse staidéir - field of study
Create your
podcast in
minutes
It is Free