Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an fichiú lá de mhí Lunasa. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Táthar ag súil go mbaileoidh na sluaite ag Béal na Blá in Iarthar Chorcaí an deireadh seachtaine seo le haghaidh lá cuimhneacháin ag comóradh céad bliain ó bhásaigh an ceannaire míleata agus polaitiúil, Mícheál Ó Coileáin. Ba dhuine lárnach é Ó Coileáin i gCogadh na Saoirse in Éirinn a thug tacaíocht don Chonradh Angla-Éireannach. Mharaigh ionsaitheoir anaithnid é i luíochán i mBéal na Blá i rith an Chogaidh Chathartha. Beidh an Taoiseach, Mícheál Martin, agus an Tánaiste, Leo Varadkar, i láthair ag an searmanas, a chraolfar beo ar RTÉ Dé Domhnaigh.
Briseadh an churiarracht náisiúnta don Éireannach is tapúla riamh sa rás céad méadar. Is é Israel Olatunde, fear as Dún Dealgan atá 20 bliain d’aois, an fear is sciopthaí in Éirinn tar éis 10.17 soicind a ghlacadh sa rás a rith sé ag Craobhchomórtas na hEorpa i München na Gearmáine Dé Céadaoin. Chríochnaigh Olatunde sa séú háit sa rás. Rinne Paul Hession, iar-shealbhóir na curiarrachta comhghairdeas le Olatunde, ag rá go bhfuil sé thar a bheith am a churiarracht féin a shárú. Agus níos déanaí, bhris reathaí eile, Rhasidat Adeleke, déagóir as Baile Átha Cliath, an churiarracht do rás ceithre chéad méadar na mban.
Shéan Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hIaráine go raibh baint ar bith acu leis an ionsaí a rinneadh ar an údar Salman Rushdie an tseachtain seo caite. Tuairiscítear go bhfuil Rushdie ina dhúiseacht agus in ann é féin a chur in iúl tar éis ionsaí le scian agus é i mbun caint a thabhairt i Nua Eabhrac. Tharla an t-ionsaí 33 bliain tar éis do Ayatollah Khomeini, ardcheannaire na hIaráine ag an am, fatwa nó ráiteas reiligiúnach a eisiúnt, ag iarraidh ar Mhoslamaigh Rushdie a mhárú mar gheall ar a úrscéal The Satanic Verses – leabhar a chreid Khomeini a bheith diamhaslach. Phléadáil Hadi Matar, an fear a gabhadh as an ionsaí, neamhchiontach in iarracht dúnmharaithe agus cúisimh ionsaithe dara céime Déardaoin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ionsaitheoir anaithnid - unknown assailant
luíochán - ambush
curiarracht náisiúnta - national record
reathaí - runner
diamhaslach - blasphemous
neamhchiontach - innocent
Create your
podcast in
minutes
It is Free