Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachta
*
Inniu an tríú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Féadtar comparáid a dhéanamh idir an monsún i mbliana agus monsún na bliana 2010, an ceann ba mharfaí i stáir na Pacastáine, inar maraíodh níos mó ná 2,000 duine. Maraíodh ar an chuid is lú 1,136 duine ó mhí an Mheithimh agus scriosadh bóithre, barra, bailte, agus droichid ar fud na tíre. Tuairimíonn oifigigh go raibh níos mó ná 33 mhílliún Pacastánach, nó duine amháin as seachtar, buailte ag na tuilte. D’iarr Antonio Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, ar an lucht domhanda teacht i gcuidiú ar an Phacastáin agus é tar éis tús a chur le hachainí.
In Éirinn, tá imní ann nach bhféadfaidh teaghlaigh billí móra fuinnimh a sheachaint an geimhreadh seo, agus ní mór don Rialtas dul i ngleic leis, le tacaíochtaí airgeadais agus comhairle, dar le ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan. Dúirt Ryan go ndéanfar achan rud le clistí cumhachta a sheachaint, ach nach bhfuil aon chinnteacht ann nach dtarlóidh. D’fhógair an comhlacht fuinnimh PrepayPower go mbeadh ardú 19% ar bhillí leictreachais agus ardú 29% ar bhillí gáis, do chustaiméirí íoc-mar-a-úsáidtear. Le laethanta beaga anuas, d’fhógair SSE Airtricity ardú praghsanna deilbhithe suas le 39%, ceann de na mhéaduithe is mó le feicéail sa tír.
Dé Máirt, chuaigh Mikhail Gorbachev ar shlí na fírinne, ag 91 bliain d’aois, “tar éis tinneas fada trom,” de réir oifigigh ospidéil i Moscó. D’éirigh le Gorbachev deireadh a chur leis an Chogadh Fuar gan doirteadh fola, cé gur theip air stop a chur le cliseadh an Aontais Shóivéadaigh. B’é Gorbachev an ceannaire Sóivéadach deireanach, a bhí i gcumhacht idir 1985 agus 1991 agus chuidigh sé le feabhas a chur ar an chaidreamh idir Stáit Aontaithe Mhéiriceá agus an tAontas Sóivéadach a bhí in adharca a chéile le daichead bliain. Chruthaigh sé bearta laghdaithe arm leis na Stáit Aontaithe agus comhpháirtíochtaí le cumhachtaí an Iarthair, chun an Cuirtín Iarainn lena raibh Eorpa scartha a oscailt, den chéad uair ó tharla an Dara Cogadh Domhanda, agus chuidigh sé le haontú na Gearmáine.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
barra - crops
achainí - petition
clistí cumhachta - power failures
íoc-mar-a-úsáidtear - pay as you go
doirteadh fola - bloodshed
bearta laghdaithe arm - arms reduction policies
Create your
podcast in
minutes
It is Free