Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Bhailigh na céadta míle i lár Londan Dé Luain do shochraid Bhanríon Eilís II. Lean an Rí Séarlas III an chónra agus baill den teaghlach ríoga ina theannta, an Prionsa William agus an Prionsa Harry ina measc. Slua 2,000 duine a bhí ag an searmanas, lucht ríoga, ceannairí polaitiúla agus reiligiúnacha an domhain san áireamh. Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair. Agus tháinig na céadta míle den phobal le chéile go lár Londan don ócáid stairiúil. I ráiteas roimh an tsochraid, dúirt Séarlas III na Ríochta Aontaithe go ndeachaigh na daoine ar fad a léirigh a n-ómós don bhanríon “i bhfeidhm go mór air féin agus ar a bhean chéile”. Ba í Banríon Eilís II an monarc is faide i réim riamh i Sasana.
Léirítear i suirbhé nua go bhfuil níos mó ná beirt as gach cúigear in Éirinn gan phinsean tar éis moill a chur ar cheann a thosnú nó moill a chur ar a ndáta scoir beartaithe mar gheall ar an ngéarchéim costais mhaireachtála. Ba í Seachtain Feasachta na bPinsean a choimisiúnaigh an suirbhé. Deineadh taighde ar níos mó ná 1,000 duine go náisiúnta go déanach i mí Lúnasa agus go luath i mí Mheán Fómhair na bliana seo. Léiríonn sé leis nár phléigh ach duine as gach deichniúr gan phinsean roghanna scoir lena n-ionad oibre. Agus, fiú ina measc siúd a bhfuil pinsean acu, ní sheiceáil duine as cúigear cén cistí a bhfuil a bpinsean infheistithe iontu. Idir an dá linn, is lú an seans go mbeidh pinsean ag mná ná ag fir, agus gan ach 48% de mhná ag rá go bhfuil cineál éigin de tháirge pinsin acu i gcomparáid le 65% d’fhir.
Tá áit buaite ag mórthionscadal filíochta i mBéal Átha an Airgid, Contae Ard Mhacha, a tharraingíonn ar na céadta bliain d’amhránaíocht, d’fhilíocht agus d’oidhreacht na hÉireann, sa bhabhta ceannais de chomórtas mór sa Ríocht Aontaithe. Bhunaigh na deirfiúracha Margaret Finnegan agus Kathleen Finnegan-Agnew lárionad sláinte agus feirm shóisialta darb ainm "An Tobar" i mí Aibreáin 2018. Tá sé bunaithe ar a bhfeirm, suíomh 40 acra atá i dteaghlach a máthar le 300 bliain ar a laghad. Mar chuid den tionscadal, cuirtear ceardlanna éagsúla ar siúl do dhaoine aitiúla. Cuimsíonn tionscadal Tobar an tírdhreach, gníomhaíocht aeráide, oidhreacht nádúrtha agus an Ghaeilge, agus úsáidtear an fhilíocht chun gach rud a cheangal le chéile. Ar shiúlóid suas an tsliabh ar a bhfuil an tionscadal suite, is féidir le siúlóirí filíocht áitiúil a chloisint á léamh ag daoine áitiúla trí challairí, agus léamh faoi stair an cheantair.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
sochraid - funeral
lucht ríoga - royalty
géarchéim costais mhaireachtála - cost of living crisis
dáta scoir - retirement date
lárionad sláinte agus feirm shóisialta - wellness centre and social farm
tírdhreach - landscape
Create your
podcast in
minutes
It is Free