Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Fógraíodh buiséad nua in Éirinn Dé Máirt, ina leagadh amach roinnt beart chun dul i ngleic leis an ghéarchéim chostais maireachtála. Gheobhaidh gnólachtaí suas le deich míle euro sa mhí chun cuidiú le billí fuinnimh agus gheobhaidh achan líon tí sé chéad euro de chreidmheas leictreachais. Beidh níos mó ná ceithre chéad míle duine breise i dteideal cúram saor in aisce ó dhochtúirí teaghlaigh a fháil ó mhí Aibreáin an bhliain seo chugainn, agus beidh cáin nua ar thithe folmha. Gheobhaidh tionóntaí creidmheas cánach de luach cúig chéad euro agus ardófar an tairseach don ráta cánach ioncaim is airde ó tríocha a seacht míle euro go daichead míle euro. In ainneoin na n-athruithe, is dócha go mbeidh a lán deacrachtaí i ndán don chuid is mó de dhaoine sa gheimhreadh.
San Úcráin, reachtáladh reifrinn i gceithre réigiún ina bhfuil smácht ag arm na Rúise. Cáineadh na reifrinn go hidirnáisiúnta agus mhol rialtas na hÚcráine dá shaoránaigh gan páirt a ghlacadh sa phróiseas, ós rud é nach reifrinn shaora atá iontu. Dé Céadaoin d'iarr ceannairí Luhansk agus Donetsk ar Putin na réigiúin seo a ionghabháil. Meastar gur mhaith le Putin teorainn na Rúise a bhogadh ionas go mbeidh sé in ann a rá gur cogadh cosanta atá ar siúl aige, ach go dtí seo níor ghlac tír ar bith eile le torthaí na reifreann ná iarrachtaí Putin críocha na Rúise a leathadh. Mhol rialtais Mheiriceá, na Polainne agus na Bulgáire dá saoránaigh an Rúis a fhágáil láithreach.
Tuairiscítear go bhfuil mic thíre, béir dhonna agus iolair mhara i measc na gcreachadóirí atá tagtha ar ais ar an fhód ar fud na hEorpa. Rinneadh taighde ar chaoga speiceas fiadhúlra a bhfuil méadú tar éis teacht ar líon agus dáileadh na n-ainmhithe agus is léir go bhfuil tionchar ag cosaint dhleathach, athchóiriú gnáthóige agus athbhunú ainmhithe ar an athrú. É sin ráite, tá fhadhb mhór fós ann maidir le cailliúint bithéagsúlachta. Táthar ag súil go rachaidh dlí nua Eorpach um athchóiriú dúlra i ngleic leis an fhadhb. I measc na n-athruithe atá molta ná laghdú ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
creidmheas cánach - tax credit
tairseach - threshold
ionghabháil - annexe
cogadh cosanta - defensive war
mic thíre, béir dhonna agus iolair mhara - wolves, brown bears and white-tailed eagles
athchóiriú gnáthóige - habitat rehabilitation
athbhunú ainmhithe - reintroduction of animals
lotnaidicídí ceimiceacha - chemical pesticides
Create your
podcast in
minutes
It is Free