Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.
Maraíodh deichniúr tráthnóna Dé hAoine seo caite nuair a tharla pléascadh ag stáisiún peitril ar an gCraoslach, i gContae Dhún na nGall. Gortaíodh ochtar eile. Ní fios cén chúis dhíreach a bhí leis an bpléasc, mar go bhfuil imscrúduithe fós ar bun agus saineolaithe pléasctha tugtha isteach chun cabhrú leis na Gardaí sa chás. Ina ainneoin sin, tá sé ráite ag gardaí gur cosúil gur timpiste tragóideach a bhí ann. Níl sé soiléir ag an bpointe seo an leanfaidh fiosrúchán Rialtais na himscrúduithe freisin. Tá ciste daonnúil stáit, a úsáidtear de ghnáth i gcás tuilte, le leathnú chuig teaghlaigh na n-íospartach. Tá trí chéad caoga míle euro bailithe go dtí seo ag daoine ón gceantar áitiúil trí fheachtais tiomsaithe airgid ar líne.
Cháiligh foireann peile na mban na hÉireann do Chorn an Domhain, le bua in aghaidh na hAlban tráthnóna Dé Máirt an tseachtain seo. Ba é an scór deiridh ná Albain a náid, Éire a haon, le cúl ó Amber Barrett a tháinig ón mbinse chun cúl a scóráil sa dara nóiméad is seachtó. Seo an chéad uair don fhoireann áit a bhaint amach sa chomórtas le naoi mbliana is daichead ó bhí siad san iomaíocht go hidirnáisiúnta agus ciallaíonn sé sin go mbeidh an fhoireann ag taisteal go dtí an Astráil agus an Nua-Shéalainn an samhradh seo chugainn don chomórtas féin. Tá leithscéal eisithe ag Cumann Peile na hÉireann freisin tar éis físeán a tháinig chun solais ar na meáin shóisialta den fhoireann ag canadh liricí atá ar son an IRA tar éis an bhua. Dúirt an Cumann go raibh trua acu as “aon chion a rinneadh”. Tá leithscéal eisithe ag bainisteoir na foirne Vera Pauw freisin. Tháinig na liricí féin ó amhrán leis na Wolfe Tones, a eisíodh ar dtús do chomóradh céad bliain an chlub peile Celtic.
D’fhoilsigh I Wish, eagraíocht for-rochtana oideachais ETIM na hÉireann torthaí a taighde le déanaí. Fuarthas amach sa taighde go bhfuil athrú le déanaí ar dhearcadh cailíní sna déaga i leith gairm bheatha a bheith acu in ábhair ETIM – eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus mata. Fuarthas amach go bhfuil ochtó a ceathair faoin gcéad de chailíní sna déaga ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi ETIM, i gcomparáid le caoga a trí faoin gcéad sa bhliain dhá mhíle is a sé. Léirigh an suirbhé freisin go bhfuil an dearcadh seo ag éirí níos dearfaí in ainneoin torthaí níos imníche. Mar shampla, léirigh seasca a ceathair faoin gcéad an bhearna inscne in ETIM mar bhac, agus easpa muiníne ag daichead faoin gcéad as a gcumas gairm bheatha a leanúint sa réimse. Chomh maith le taighde ar na bacainní braite, tá roinnt moltaí sa tuarascáil freisin, mar shampla, na daltaí dara leibhéal a chur in aithne do ghairmithe baineanna ETIM atá bunaithe go háitiúil ina gcéad bhliain.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
pléascadh - explosion
ciste daonnúil stáit - state humanitarian fund
imscrùduithe - investigations
eagraíocht for-rochtana oideachais - education outreach organisation
ETIM - STEM
bearna inscne - gender gap
bacainn - obstacle
Create your
podcast in
minutes
It is Free