Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh
Ta aird idirnáisiúnta tarraingthe ag scannal caimiléireachta i saol an Rince Éireannaigh. Is é an Coimisiún le Rincí Gaelacha an eagraíocht rince Ghaelaigh is sine agus is mó le rá, ach d’éirigh beirt bhall sinsearach den Choimisiún as an eagraíocht ar an Déardaoin tar éis cruinniú a bheith ar siúl chun líomhaintí faoi chealgaireacht ag comórtais a phlé. Tháinig roinnt múinteoirí ar aghaidh le rá go raibh rún oscailte ann maidir le rigeáil na dtorthaí sna feiseanna. Dúirt urlabhraí ó Chumann Múinteoirí Mheiriceá Thuaidh gur bhain an chonspóid an bonn de mhuinín sa Rince Gaelach.
Tá aoir osnádúrtha faoin mbeatha tar éis an bháis tar éis an Duais Booker 2022 a bhuachan. Insíonn ‘The Seven Moons of Maali Almeida’ le Shehan Karunatilaka, scéal grianghrafadóra a dhúisíonn marbh lá amháin agus a dhéanann iarracht cumarsáid a dhéanamh ón taobh eile den uaigh faoi Chogadh Cathartha Shrí Lanca. Mhol an Príomhbhreitheamh, Neil MacGregor, scóip agus scála an úrscéil, agus é ag rá go raibh an cinneadh d’aon toil. Bhí an scríbhneoir Éireannach, Clare Keegan, ar an ngearrliosta don duais dá húrscéal ‘Small Things Like These’.
Seachtain dhrámatúil eile a bhí ann i saol pholaitíocht na Breataine. Tráthnóna Déardaoin, d’fhógair Liz Truss go raibh sí le héirí as a ról mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí Choimeádaigh tar éis sraith eachtraí náireacha. Níor chaith Truss ach daichead a ceathair lá sa phost; theip uirthí formhór a cuid polasaithe a chur i bhfeidhm agus b’éigean di a mionbhuiséad a thréigean tar éis shuaitheadh an mhargaidh agus brú óna páirtí féin. Tá tús curtha cheana féin le tuairimíocht faoina comharba ach caithfidh an té a roghnófar 100 vóta a fháil ar dtús chun dul isteach sa rás ceannaireachta.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
scannal caimiléireachta - cheating scandal
líomhaintí faoi chealgaireacht - allegations of deception
rigeáil na dtorthaí - rigging of results
aoir osnádúrtha - supernatural satire
d’aon toil - unanimous
sraith eachtraí náireacha - a series of embarrassing incidents
comharba - successor
Create your
podcast in
minutes
It is Free