Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Tá an pobal Meiriceánach Afracach ag caoineadh marú eile de chuid na bpóilíní nuair a tháinig físeán chun solais ina bhfuair Tyre Nichols bás. Ar an seachtú lá de mhí Eanáir, stopadh Nichols agus é ag tiomáint abhaile in Memphis. Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach ach níl aon fhianaise ann go raibh sé. San fhíseán, is féidir a fheiceáil gur thosaigh cúigear póilíní ag greadadh Nichols ar feadh trí nóiméad. Tógadh Nichols go dtí an t-ospidéal ach fuair sé bás trí lá ina dhiaidh. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir, chuir an Rannóg Póilíneachta in Memphis físeán den eachtra amach agus chaill an cúigear a bpost. Spreag an eachtra díospóireacht faoi bhrúidiúlacht na bpóilíní arís i Meiriceá. Bhí agóidí ar siúl ar fud na tíre an tseachtain seo caite agus rinne an tUachtarán Joe Biden achainí ar son na síochána.
Den chéad uair i stair stáit na hÉireann, beidh lá saoire bainc in ómós do Naomh Bríd Dé Luain seo chugainn. Is é an chéad lá saoire bainc atá ann in Éirinn chun comóradh a dhéanamh ar bhean. Dúirt an Rialtas go dtabharfaidh an lá saoire seans dúinn ról na mban i stair na hÉireann a chéiliúradh. Tá roinnt scéalta faoi Bhríd mar gheall ar na míorúiltí a rinne sí, de réir an traidisiúin Chaitlicigh, ach tá Bríd ceangailte leis an bpágántacht chomh maith. Tá a lán daoine den thuairim go raibh Bríd ina bandia sula raibh sí ina naomh Críostaí. I miotaseolaíocht na gCeilteach, bhí Bríd mar bhandia an leighis, na tine, agus na filíochta. Tugadh an t-ainm ‘Imbolc’ ar an gcéad lá den Earrach sa traidisiún Ceilteach.
D’ordaigh Cumann Lúthchleas Gael an cluiche ceannais idir Crócaigh Chill Mochuda agus an Gleann i gcomórtas peile na gclubanna a athimirt. Bhuaigh na Crócaigh an cluiche coicís ó shin le dhá chúilín, ach thosaigh an chonspóid díreach i ndiaidh an chluiche nuair a tugadh faoi deara go raibh seisear déag imreoirí de chuid na gCrócach ar an bpáirc ar feadh cúpla nóiméad ag deireadh an chluiche. Nuair a thuig na Crócaigh a mbotún, bhain siad an t-imreoir breise as an bpáirc, ach rinne an Gleann gearán oifigiúil le Cumann Lúthchleas Gael. Tháinig cor eile sa scéal oíche Dé Domhnaigh, áfach, nuair a d'éirigh an Gleann as an bpróiseas achomhairc. I dtuairisc eile spóirt, beidh Comórtas na Sé Náisiún ag atosú ag an deireadh seachtaine. Tá Éire ag barr an rangaithe faoi láthair agus tá a gcéad chluiche in aghaidh na Breataine Bige ar siúl Dé Sathairn.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
brúidiúlacht na bpóilíní - police brutality
achainí - plea
ómós - homage
míorúiltí - miracles
conspóid - controversy
barr an rangaithe - top of the ranking
Create your
podcast in
minutes
It is Free