Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge
*
Inniu an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Cothrom an lae seo sa bhliain 1678, tháinig ceoltoir agus cumadóir Antonio Vivaldi ar an saol i Venice, san Iodáil. Tríd a shaol, chum Vivaldi go leor píosaí tábhachtacha agus aitheanta de cheol barócach, agus is fearr aithne air mar chumadóir an choinséartó “Na Ceithre Shéasúr”. I ndiaidh dó bualadh leis an Impire Naofa Rómhánach Séarlas VI, bog Vivaldi go Vín agus é ag súil le tacaíocht ríoga, ach fuair an tImpire bás go gairid ina dhiaidh sin agus d'éag Vivaldi féin agus é beo bocht an bhliain dár gcionn. Ina ainneoin sin, is mór an tionchar a bhí ag Vivaldi ar cheol clasaiceach sa domhan thiar, agus thángthas faoi athbheochán ar a cheol le deanaí i gceolfhoirne thart an domhain.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
cumadóir - composer
ceol barócach - baroque music
Impire Naofa Rómhánach - Holy Roman Emperor
ceolfhoirne - orchestras
Create your
podcast in
minutes
It is Free