Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge
*
Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Cothrom an lae seo sa bhliain 1910, ba í Raymonde de Laroche an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta. Rugadh i bPáras na Fraince í sa bhliain 1882. Bean spórtúil ab ea í agus thaithin gluaisrothair agus cartacha go mór lei. Bhí cáil uirthi leis mar aisteoir roimhe. Spreagadh í san eitlíocht nuair a chur sí aithne ar eitleoirí eile. Chuaigh turas na ndeartháireacha Wright sa bhliain 1908 i gcion go mór uirthi freisin. Thosnaigh sí ag foghlaim conas eitilt sa bhliain 1909 sa bhaile Chalons, 140 ciliméadar taobh amuigh de Pháras. Chabhraigh an píolóta Charles Voisin léi taithí a fháil ar conas eitleán a láimhseáil. De réir a chéile d’éirigh léi eitleán a phíolótú go neamhspleách. Sa bhliain 1910, fuair sí roinnt cuirí go dtí taispeántais eitleáin timpeall an domhain. Bhí gradaim ann don té a bhainfeadh amach an luas, airde agus fad ab fhearr. Chuaigh sí ar turas go dtí Caireo san Éigipt, Cathair Pheadair sa Rúis agus Búdaipeist na hUngáire. Bhí roinnt timpistí aici ach lean sí ar aghaidh i gcónaí. Sa bhliain 1913, bhuaigh sí an gradam Coupe Femina, duais do phíolótaí baineanna as gnóthú thar na bearta a bhaint amach le heitilt 323 ciliméadar. Tháinig deireadh lena cuid aistear nuair a thosnaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Thóg sí post mar thiománaí ag iompar saighdiúirí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, thosnaigh sí ag eitilt arís. Sa bhliain 1919 chuaigh sí thar na bearta ní b'fhaide arís ar airde 4800 méadar. Ní amháin go raibh sí ag eitilt, bhí cáil uirthi mar innealtóir éirimiúil ag tástáil eitleán mar theastaigh uaithi caighdeán ní b'fhearr a bheith ar an margadh. I mí Iúil 1919 bhí sí amuigh ag tástáil, agus thuairteáil an t-eitleán agus bhuail sé an talamh. Fuair sí bás agus í 36 bliain d’aois. Deintear comóradh ar Raymonde de Laroche ag Seachtain Dhomhanda Mhná na hEitlíochta i mí an Mhárta agus tá dealbh di le feiceáil san aerfort Le Bourget i bPáras.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ceadúnas píolóta - pilot's licence
eitlíocht - aviation
cuirí - invitations
Create your
podcast in
minutes
It is Free