Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge
*
Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.
Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric na meicnice candamaí. Le chéile tá an dá réimse sin ina ndá philéar den fhisic nua-aimseartha. Tugtar ‘an cothromóid is cáiliúla ar domhan’ ar fhoirmle Einstein E = mc 2, a bhaineann le Teoiric na Coibhneasachta. Bhuaigh Einstein an Duais Nobel na Fisice i 1921 'as a chuid seirbhisí ar son na fisiceteoiriciúla agus go háirithe as fionnachtain dhlí na hiarmharta fótaileictrí’. Mar thoradh ar a chuid gaiscí agus nuálaíochta, tá an t-ainm Einstein comhchiallach le hardéirim agus ceiliúrtar Einstein fós mar cheann de na heolaithe ab fhearr sa stair. Chaith Einstein deireadh a ghairme ag obair ar dhá thurgnamh neamh-rathúla, ceann acu in aghaidh teoiric an chandaim, in ainneoin na hoibre tábhachtaí a rinne sé ar an topaic cheana. Mar thoradh air seo chríochnaigh Einstein a ghairm ar leithlis ón bhfisic nua-aimseartha, an réimse a chabhraigh sé lena bhunú.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
fisiceoir - physicist
candam - quantum
Teoiric na Coibhneasachta – Theory of Relativity
cothromóid – equation
fionnachtain - discovery
Create your
podcast in
minutes
It is Free