Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Oíche Dé Domhnaigh in Hollywood, bhí “An Cailín Ciúin” san áireamh do ghradam Oscar, ainmnithe mar cheann de na scannáin eachtracha is fearr i mbliana. Ba é an chéad scannán Gaelach a bhain an onóir sin amach. Insíonn an scannán scéal faoi chailín óg a bhfuil tuismitheoirí seachmallacha aici, a chuirtear ar altramas le gaolta meánaosta. Faraor, níor bhuaigh “An Cailín Ciúin” an duais; bhí an bua ag “Scéal ar Bith ón bhFronta Thiar”, cóiriú ar an úrscéal frithchogaidh Gearmánach le Erich Remarque.
Inné ar Lá Fhéile Pádraig, tháinig na sluaite amach do na mórshiúlta agus imeachtaí i mBaile Átha Cliath, ar fud na tíre, agus ar fud an domhain. Sa Teach Bán in Washington, bhuail an Taoiseach le Joe Biden, agus bhronn sé babhla seamróg air, sa searmanas bliantúil traidisiúnta atá an-tábhachtach i dtaidhleoireacht na hÉireann. Bhí ar an Taoiseach pardún a ghabháil, tar éis a bheith ag déanamh grinn an oíche roimhe faoin mbaol a dúirt sé a bhí ann d'intéarnaigh in Washington le linn uachtaránacht Bill Clinton.
Bhuaigh an Baile Átha Cliathach Rhasidat Adeleke an bonn airgid i gcomórtas 400m na mban sa Chraobhcomórtas Lúthchleas Coláiste Náisiúnta Laistigh, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chríochnaigh sí in am 50.45 soicind, 0.12 soicind níos moille ná an churiarracht Éireannach a bhain sí amach an mhí seo caite. Tá sí fiche bliain d’aois, agus tá sí ag freastal ar scoláireacht ar Ollscoil Texas. Tá roinnt curiarrachtaí náisiúnta ag an rábálaí cheana, lena n-áirítear 200m agus 400m lasmuigh agus laistigh.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
tuismitheoirí seachmallacha - neglectful parents
altramas - fosterage
mórshiúlta - parades
taidhleoireacht - diplomacy
curiarracht - record (in sport)
rábálaí - sprinter
Create your
podcast in
minutes
It is Free