Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Tá an Ríocht Aontaithe ag ullmhú don Chorónú an tseachtain seo. Maidin Dé Sathairn, ag a 11 a chlog, rachaidh Séarlas III go Mainistir Westminster don searmanas. Is searmanas reiligiúnach é agus beidh cúig chéim san imeacht. Ar dtús, cuirfear ola ungtha agus coróin ar Shéarlas agus ansin suífidh sé ar an ríchathaoir. Déanfar banríon de Camilla ag an ócáid chéanna. Beidh Michelle O’Neill, leascheannaire Shinn Féin, ag freastal ar an gCorónú. Cé gur poblachtach í, dúirt sí gur ócáid thábhachtach í do roinnt daoine in Éirinn. Beidh an Ghaeilge le cloisteáil le linn an tsearmanais, chomh maith le teangacha eile. Dár ndóigh, beidh na mílte ina seasamh ar dhá thaobh na sráide don mhórsiúl tar éis an tsearmanais ach níl gach duine sa Bhreatain sásta leis. Mar chuid den imeacht, iarrtar ar dhaoine a ndílseacht don Rí a chur in iúl os ard le linn an imeachta. Dúirt Graham Smith, urlabhraí don eagraíocht “Republic”, gur cheart don Rí a dhílseacht a léiriú don phobal. Cháin Smith an costas a bhaineann leis an ócáid freisin—níos mó ná £100 milliún go dtí seo.
Tá Rialtas na Rúise ag maíomh go ndearna an Úcráin iarracht Vladamir Putin a mharú le dróin oíche Dé Máirt. De réir na Rúiseach, sheol na hÚcráinigh dhá dhrón go dtí an Chreimil i Moscó, an áit ina mbíonn Putin ina chónaí de ghnáth, ach d’éirigh leo iad a chur ó maith sula ndearna siad aon damáiste. Shéan na hÚcráinigh gach rud a bhí á mhaíomh ag na Rúisigh agus dúirt an tUachtarán Zelensky nach raibh siad ag troid in éadan na Rúiseach ach amháin ar fhód na hÚcráine. Tá sé á mhaíomh ag cúpla saineolaí gurb iad na Rúisigh féin a d'eagraigh an t-ionsaí chun an aird a bhaint den chogadh agus den easpa ratha faoi láthair. De ghnáth tarlaíonn Paráid na Bealtaine sa Rúis ag an am seo den bhliain, ach chuir Putin go leor paráidí ar ceal i mbliana.
D’éirigh Geoffrey Hinton, ar a dtugtar ceannródaí na hintleachta saorga, as a phost in Google an tseachtain seo caite. Dúirt Hinton go bhfuil eagla air anois mar gheall ar an ndul chun cinn atá ag tarlú san intleacht shaorga faoi láthair. Rinne Hinton taighde faoi líonra néarach domhainfhoghlama, taighde atá thar a bheith tábhachtach don chóras ChatGPT, mar shampla. Tá líonraí néaracha cosúil leis an inchinn atá againn go léir agus de réir Hinton, tá na líonraí seo beagnach chomh cliste linne anois. Dúirt Hinton go bhfuil sé buartha faoi cad a tharlódh dá gcinnfeadh deachtóirí an intleacht shaorga a úsáid. Tá an intleacht shaorga go mór sa nuacht faoi láthair – i mí an Mhárta, shínigh go leor daoine sa réimse litir oscailte inar mhol siad stop a chur ar an bhforbairt chun go mbeimis in ann fearais sábháilteachta a chruthú ar dtús.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ola ungtha - anointing oil
dílseacht - loyalty
a chur ó maith - to put out of use
easpa ratha - lack of success
ceannródaí na hintleachta saorga - pioneer of artificial intelligence
líonra néarach domhainfhoghlama - deep learning neural network
deachtóirí - dictators
Create your
podcast in
minutes
It is Free