Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniú an séú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Is í an India an chéad tír chun spásárthach a thabhairt i dtír go rathúil ar phol theas na gealaí. Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an phoil theas bhí sé deacair teacht i dtír. Bhí sé mar aidhm ag Chandrayaan-3 a bheith ar an chéad spásárthach chun teagmháil a dhéanamh i réigiún de dhromchla na gealaí a measadh go raibh cráitéir dhoimhne ann agus oighear uisce iontu. Chuaigh sé i dteagmháil le dromchla na gealaí sé seachtaine i ndiaidh dó a bheith seolta ar bord roicéid ó spásphort in Andhra Pradesh. Bhí gártha agus bualadh bos ó rialú misin ag Ionad Spáis Satish Dhawan tar éis na tuirlingthe rathúla. Chuaigh an Príomh-Aire Narendra Modi isteach i nglao comhdhála ag an ionad spáis chun féachaint ar an tuirlingt, agus chroith sé bratach na hIndia nuair a d'éirigh leis an tuirlingt. Tá suim ar leith ag eolaithe san oighear uisce, toisc go bhféadfaí é a úsáid fá choinne breosla, ocsaigine agus uisce óil - agus an misean ag déanamh na bunoibre fá choinne bunáit bhuan amach anseo.
Fuair beirt fhear bás agus iad san iomaíocht i gcomórtas IronMan i gContae Chorcaí Dé Domhnaigh seo caite. Chuaigh na fir, a bhí sna 40í agus sna 60í, i dtrioblóid in eachtraí ar leith le linn na céime snámha den rás in Eochaill, Co. Chorcaí. Bhain na seirbhísí éigeandála amach as an uisce iad ach fógraíodh go raibh siad marbh díreach ina dhiaidh. Cuireadh an t-imeacht siar ón Satharn mar gheall ar thuilte agus drochchoinníollacha cúrsaí i ndiaidh stoirme. Gearradh an snámh ó 3.8km go 1.9km cheana féin de bharr drochaimsire, ach lean an rás ar aghaidh agus ligeadh d’iomaitheoirí críochnú in ainneoin na tragóide dúbailte sa chéad chuid den rás. Tá naimhdeas anois idir lucht eagraithe áitiúil IronMan agus Triathalon Ireland, an comhlacht rialaithe do rásaí agus comórtais dá leithéid in Éirinn faoi cén uair a tugadh fógra gan dul ar aghaidh leis an rás.
Deir Conradh na Gaeilge gur chóir a chinntiú sa bhuiséad nach mbeidh an bochtanas ina bhac ar aon duine óg atá ag iarraidh freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta. Tá an eagraíocht teanga ag éileamh ar an rialtas suas le €10 milliún breise a chaitheamh ar scéimeanna chun scoláireachtaí a chur ar fáil do scoláirí le freastal ar choláistí Gaeilge lena chinntiú go mbeidh aon pháiste ar mhaith leo freastal ar an Ghaeltacht in ann sin a dhéanamh. Faoi láthair, cuireann Roinn na Gaeltachta €400,000 ar fáil chun 400 scoláireacht a sholáthar do pháistí in iar-bhunscoileanna chun deis a thabhairt dóibh dul go dtí an Ghaeltacht le linn an tsamhraidh. Ach tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go ndéanfar méadú suntasach ar an infheistíocht sin. Agus an rialtas ag ullmhú do Bhuiséad 2024, deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur anois an t-am lena chinntiú go mbeidh deis ag an oiread páistí agus is féidir freastal ar choláiste Gaeilge, go háirithe páistí atá faoi dhrochchoinníollacha sóisialta. Deirtear go minic go bhfuil an costas a bhaineann le páiste a chur chuig coláiste samhraidh sa Ghaeltacht, a mbíonn táille suas le €1,000 ag baint leis, ina bhac ar go leor teaghlach ar fud na tíre.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
spásárthach - spacecraft
pol theas na gealaí - the south pole of the moon
bunáit bhuan - permanent base
naimhdeas - hostility
lucht eagraithe áitiúil - local organisers
bochtanas - poverty
Create your
podcast in
minutes
It is Free