Suím síos leis an fhear uasal, Mark Harte, le labhairt faoina shaol agus faoina shaothar. D'fhág Mark an post buan a bhí aige mar mhúinteoir le triail a bhaint as gairm iomlán nua agus tá sé anois ag obair mar Oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Banríona, agus tá a chomhlacht féin aige chomh maith ina chuireann sé cóitseáil saoil ar fáil do dhaoine, Harte 2 Harte Coaching, gan trácht (pun intended!) ar an obair a dhéanann sé le TG4. Labhraíonn sé liom faoi na cinntí a rinne sé leis an stad seo a bhaint amach, agus na dóigheanna gur sháraigh sé an féinamhras chun na deiseanna seo a thapú.
Lean @harte2hartecoaching le níos mó eolais a fháil
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
Create your
podcast in
minutes
It is Free