Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.
Ag meán-oíche ar an gCéadaoin cuireadh srianta leibhéal a cúig i bhfeidhm ar fud na hÉireann. Beidh na srianta i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine go dtí an chéad lá de Mhí na Nollag. Is é leibhéal a cúig an leibhéal srianta is airde i bplean Covid reatha an rialtais. Tá na srianta cosúil leis na cinn a bhí i bhfeidhm i mí an Mhárta agus Aibreáin ach fanfaidh na scoileanna ar oscailt. Tháinig an nuacht i bhfógra ón Taoiseach Micheál Martin ar an Luan, tar éis moladh ó NPHET. Leis na srianta nua beidh ar gach gnó agus siopa nach bhfuil riachtanach dúnadh, ní bheidh cead ag daoine taisteal níos mó ná cúig chiliméadar óna dteach seachas do chúiseanna riachtanacha. Beidh cead ag daoine ina gcónaí ar a n-aonar, daoine le deacrachtaí meabhairshláinte agus tuismitheoirí aonair “boilgín tacaíochta” a chruthú le teach amháin eile. Táthar ag súil go mbeimid in ann taitneamh a bhaint as srianta níos ísle i rith Mhí na Nollaig.
Nuacht bhrónach ón Daingean an tseachtain seo le himní go bhfuil Fungie an Deilf imithe. Tá an deilf bholgshrónach cháiliúil ar iarraidh ón Luan seo caite, agus seans maith nach mbeidh sé ag filleadh. Tá Fungie mar chuid d’aitheantas an Daingin ó 1983 agus tá tionscal turasóireachta mór nasctha leis. Tá an grá de Fungie roinnte idir chuairteoirí agus mhuintir na háite agus bhí seo le feiceáil an tseachtain seo nuair a tháinig na céadta bádóirí amach chun cuardú a dhéanamh air. Deir bitheolaí muirí Kevin Flannery gur seans gur imigh Fungie amach go dtí an fharraige le deilf eile, ach ar an drochuair, mar gheall ar a aois, seans maith go bhfuair sé bás freisin.
Tá Pápa Prionsias tar éis tacaíocht a thabhairt do pháirtnéireacht shibhialta idir lánúineacha comhghnéis sa scannán fáisnéise nua “Francesco”. “Tá sé de cheart ag daoine homaighnéasacha a bheith ina gcuid de theaghlach. Is páistí Dé iad. An rud a theastaíonn dlí a cheadaíonn páirtnéireacht shibhialta, sa tslí sin beidh aitheantas dlí acu.” A deir sé sa scannán nua ó stiúrthóir Evgeny Afineevsky. Tá an Eaglais Chaitliceach i gcoinne pósadh do lánúineacha comhghnéis agus deir siad go bhfuil neamhord iontu féin ag baint le gníomhartha homaighnéasacha. Chuir roinnt ball den Eaglais fáilte roimh ráitis an Phápa, agus iad ag rá go bhfuil siad an-suntasach.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
moladh - recommendation
meabhairshláinte - mental health
boilgín tacaíochta - support bubble
deilf bholgshrónach - bottlenose dolphin
bitheolaí muirí - marine biologist
lanúineacha comhghnéis - same-sex couples
neamhord - confusion
Create your
podcast in
minutes
It is Free