Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Beidh scannán Gaeilge ag dul chun cinn mar iarrthóir don scannán idirnáisiúnta is fearr ag gradaim na nOscar an bhliain seo chugainn. Roghnaíodh an scannán, ‘Arracht’, atá suite i gConamara i rith an Ghorta Mhóir ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann. Baineann an scéal le hiascaire (an t-aisteoir Dónall Ó hÉalaí) a aontaíonn foscadh a thabhairt do iar-shaighdiúir i gCogaí Napoleon sa bhliain 1845. “Tugann feidhmíocht lárnach den scoth agus mhothúchánach Dónal Ó Healaí daonnacht ghotach don scéalaíocht a chuirfidh fonn ar lucht féachana i dteanga ar bith”, dar le Áine Moriarity, CEO na nIFTAs. Táthar ag súil go mbeidh Arracht á léiriú i bpictiúrlanna san earrach.
Tá domhan na peile ag caoineadh faoi bhás duine de na himreoirí is íoconacha riamh, Diego Maradona, ag seasca bliain d’aois. Dé Céadaoin bhí taom croí ar an imreoir lár páirce na hAirgintíne sa bhaile i mBuenos Aires. Coicís roimhe sin, rinneadh obráid ar an bpeileadóir cáiliúil le haghaidh téachtán inchinne. Bhí Maradona mar chaptaen nuair a bhuaigh an Airgintín Corn an Domhain 1986, ag scóráil an chúil cháiliúil “Lámh Dé” i gcoinne Shasana sna babhtaí ceathrú ceannais. Dhearbhaigh uachtarán na hAirgintíne, Alberto Fernandez trí lá caoineadh, ag rá: “Thug tú sinn go barr an domhain. Chuir tú áthas mór orainn. Ba thusa an duine ba mhó acu ar fad.”
Tá Comh-aireacht na hÉireann tar éis cead a thabhairt do thionscadal mór athchóiriú i lár na tíre. Caithfear breis agus 100 millùn euro chun 80,000 acra de thalamh portaigh a athshlanú agus deireadh a chur le fómhar móna. Tá sé beartaithe go laghdóidh an tionscnamh seo astaíochtaí carbón agus go ndéanfar na 250 oibrí atá fostaithe i mbaint móna a ath-imlonnú i róil eile. Cuirfear tús leis an obair in Aibreán 2021. Tá grúpa ionadaithe na bhfeirmeoirí, an ICMSA, ag lorg dearbhuithe nach mbeidh aon iarmhairtí diúltacha ann ó thaobh riosca tuile agus slite beatha na mball.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
iarrthóir - candidate
foscadh - shelter
feidhmíocht - performance
daonnacht - humanity
caoineadh - lamenting, mourning
taom croí - heart attack
téachtán inchinne - blood clot in the brain
comh-aireacht - cabinet (politics)
talamh portaigh - bogland
ath-imlonnú - redeploy
Create your
podcast in
minutes
It is Free