Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an chéad lá de mhí Eanáir. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Tá an Bhreatain imithe as an Aontas Eorpach ó aon déag a chlog ar Oíche Chinn Bliana. Thángadar ar an gcomhaontú nach mbeadh aon táillí breise ar thradáil idir an Bhreatain agus an Aontas Eorpach. Fanfaidh Tuaisceart na hEireann sa Margadh Aonair le rialacha chustaim an Aontais Eorapaigh.
Beidh Institúit Teicneolaíochta Thrá Lí agus Institúit Teicneolaíochta Chorcaí ag teacht le chéile mar aonad amháin as seo amach. Beidh scolairí ó Chiarraí agus Corcaigh ábalta maireachtaint agus staidéar sna contaetha sin. Dúirt Uachtarán na hOllscoile an tOllamh Maggie Cusack ‘Is é an bunchuspóir atá againn ná daoine a chumasú trí oideachas chun go n-éireoidh leo amuigh sa domhan mhór’.
Tá rinceoir ar an sean-nós agus buaiteoir Chluiche Ceannais na hÉireann Emma O’Sullivan ag múineadh rince ar an sean-nós ar líne. Cuireann sí ranganna ar fáil ar Zoom do dhaoine timpeall na cruinne. Bíonn daoine ón tSeapáin, an Bhrasáil agus na Stáit Aontaithe ag glacadh páirt sna ranganna Zoom-nós. Dúirt Emma go bhfuil meascán de dhaoine difriúila sna ranganna ach is breá leo Éire agus is breá leo Conamara, tá a fhios acu faoi rince ar an sean-nós leis atá go hiontach.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
Oíche Chinn Bliana - New Year's Eve
táillí breise - extra charges
maireachtaint - live (canúint Chorca Dhuibhne)
cumasú - empower, enable
rince ar an sean-nós - sean-nós (old-style) dancing
timpeall na cruinne - around the world
Create your
podcast in
minutes
It is Free