Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an 17ú lá déag de mhí Iúil, 2021. Is mise Ella Hassett.
Tar éis ceithre bliana agus beagnach céad is ochtó eagrán, críochnóidh an podchraoladh cáiliúil Motherfoclóir ag deireadh an tsamhraidh seo. Fógraíodh an nuacht ar Twitter oíche Dé Luain an tseachtain seo. Dúirt bunaitheoir an phodchraolta Darach Ó Séaghdha go bhfuil an grúpa fós ina gcairde ach go mbeadh siad ag obair ar thionscnaimh nua as seo amach. Go bunúsach, is é téama an phodchraolta focail, focail Ghaelacha agus focail ón Éirinn, ach pléitear réimse an-leathan ábhar ann le hiomad aíonna éagsúla ón Éirinn agus thar lear. Cé go bhfuil an podcraoladh i mBéarla amháin, tá baint aige le hathbheochan na Gaeilge atá ar siúl le blianta beaga anuas.
Tá Coiste Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge díreach tar éis focal nua a ghlacadh don fhoclóir oifigiúil ar tearma.ie – duine de dhath. Mhol Ola Majekodumni as Baile Átha Cliath an focal nua seo. Is craoltóir, iriseoir, scríobhneoir agus ball de chumann Fhoras na Gaeilge í. Dúirt sí go bhfuil an focal ‘duine de dhath’ níos oiriúnaí sa tsochaí il-eitneach atá in Éirinn faoi láthair ná na focail ‘duine gorm’ nó ‘duine dubh’ a úsáideadh go dtí seo. Dúirt Donncha Ó Cróinín, an príomhthéarmeolaí le Foras na Gaeilge, go bhfuil áthas orthu an focal nua sin a ghlacadh mar léiríonn sé éabhlóid na gcoincheap.
Ar an Domhnach seo caite, chuaigh an billiúnaí Richard Branson agus a fhoireann go himeall spáis i roicéad darbh ainm Unity. D’fhág an roicéad an domhan ó New Mexico agus thaistil sé ochtó cúig ciliméadar suas go himeall spáis. D’fhan an roicéad in áit ar feadh cúpla nóiméad agus thóg Branson físeán ina léirigh sé a mhothúcháin. Bhí a fhoireann le feiceáil sa chúlra ar foluain san aer. In 2004, bhunaigh Branson an comhlacht spáis Virgin Galactic chun eitiltí trádálaí go spás a bhunú. Dúirt Branson gurbh eachtra a shaoil í an eitilt ar an Unity.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
bunaitheoir - founder
athbheochan - revival
sochaí il-eitneach - multi-ethnic society
éabhlóid na gcoincheap - evolution of concepts
comhlacht spáis - space company
eitiltí trádálaí - commercial flights
Create your
podcast in
minutes
It is Free